MOL CURACLAIM MATAMAITICE NA BUNSCOILE
CMB i gCleachtas
Tá ‘an chaoi’ a bhfoghlaimíonn páistí chomh tábhachtach céanna le ‘céard’ a fhoghlaimíonn páistí.
- Home
- CMB i gCleachtas
CMB i gCleachtas
Cur tús le do thuras foghlama gairmiúla le Curalam Matamaitice na Bunscoile le na cur i láthair atá ar fáil i ‘CMB i gCleachtas’. Léigh an leabhar curaclaim agus na leathnaigh seo i leanas. Déan iniúchadh ar na Gnéithe, na Cleachtais Oideolaíochta agus na Modhanna Measúnaithe atá luaite i gCaibidil 6. Déan iniúchadh ar ‘cén chaoi’ a noibríonn Curaclam Matamaitice na Bunscoile.
Físeán Eolais CMB
Déan iniúchadh ar Churaclam Matamaitice na Bunscoile agus tú ag breathnú ar ár bhfíseán eolais. Déan iniúchadh ar an réasúnaíocht le haghaidh athraithe, cuir chuige nua i leith ‘conas’ a múinimid matamaitic, agus cosán na forbartha gairmiúla lenár gCreat cuimsitheach FGL, ag tairiscint tacaíocht ilmhódúil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile.
Curaclam Matamaitice na Bunscoile
CMB i gCleachtas – Forbhreathnú
Déan iniúchadh ar na cleachtais oideolaíochta agus modhanna measúnaithe a mholtar sa CMB chun eispéiris foghlama mhatamaiticiúla ar ardchaighdeáin a sholáthar do pháistí. Déanann na cleachtais seo, cosúil le straitéisí éifeachtacha eile sa seomra ranga, fite fuaite lena chéile agus comhlánaíonn siad a chéile. Cliceáil thíos chun dul níos doimhne isteach i ngach cleachtas agus chun do thuiscint a fheabhsú.